Bunléitheoireacht Ghalach le Mícheál Rhodes

Bunléitheoireacht Ghalach a h-Aon le Mícheál Rhodes

This is an article from the Irish science magazine, An tEolaí on the benefits of eating vegetables.

Cén Fáth a Bhfuil Glasraí Chomh Maith Duit?

Le blianta tá na bia-eolaithe ag cur béime (1) ar cé chomh maith agus atá glasraí don duine. (2) Is léir le fada gur lú go mór an oiread ailsí (3) a fhaigheann daoine a itheann a lán glasraí ná daoine a itheann a lán feola. Ceapadh gurbh iad na vitimíní agus na snáithíní sna glasraí, ba mhó ba chúis leis an maitheas seo. (4)

Ach le déanaí tá na cemiceoirí ag aimsiú an-chuid ceimiceán eile nach bhfuil, ceaptar, aon ról cothaithe acu (5) ach a bhfuil cumas acu bac a chur le hailse ag céimeanna éagsúla dá fás. (6) Fuarthas ceimiceán ar a dtugtar geinistéin (7) i bhfual daoine ón tSeapáin a itheann a lán glasraí agus pónairí soighe agus cuireann geinistéin bac le fás fuileadán nua, céim shuntasach i bhfás ailse. (8) Tá a lán ceimiceán frithocsaídeacha i nglasraí a fheidhmíonn i gcoinne saorfhréamhaithe, cúis damáiste go minic don DNA i gcealla an choirp (9) agus cúis ailse dá bhrí sin. Tá a lán einsímí i nglasraí freisin a fheidhmíonn chun cúiseanna éagsúla ailse a chur ar neamhní sa chorp. (10)

Leanfar leis an taighde ar na glasraí go léir, (11) gan dabht léireofar buntáistí eile agus leagfar níos mó béime amach anseo ar fheabhas na nglasraí do shláinte an pháiste agus an duine fhásta. (12)

An tEolaí, Geimhreadh 1993/94

Notaí Gramadúla

(1) ag cur béime ar - "to place emphasis on." Béim is in the genetive because it is the object of a verbal noun.

(2) cé chomh maith agus atá glasraí don duine.- "how good vegetables are for a person." Note how Gaelic uses the definite article to make a noun generic, where English uses the indefinite article. (an duine = a person)

(3) gur lú go mór an oiread ailsí - "that there is considerably less number of cancers"

(4) ba mhó ba chúis leis an maitheas seo - "which was more (likely) to be the cause of this good."

(5) nach bhfuil, ceaptar, aon ról cothaithe acu - "which do not, it is thought, have a role in nourishment"

(6) ag céimeanna éagsúla dá fás - "with various stages of its (the cancer's) growth."

(7) geinistéin - a chemical, genistine

(8) céim shuntasach i bhfás ailse - "a distinctive stage in the growth of cancer."

(9) cúis damáiste go minic don DNA i gcealla an choirp - "often a cause of damage to the DNA in cells of the body." Note that the placement of the adverb "go minic - often" is different than in English.

(10) a fheidhmíonn chun cúiseanna éagsúla ailse a chur ar neamhní sa chorp - "which act to nullify the various causes of cancer in the body." (literally: "to put to nothing the various causes of cancer in the body." Chun + a + a verbal noun used to indicate purpose.

(11) Leanfar leis an taighde ar na glasraí go léir - "The research on all vegetables will continue"

(12) leagfar níos mó béime amach anseo ar fheabhas na nglasraí do shláinte an pháiste agus an duine fhásta. - "more emphasis will be placed here on the excellence of vegetables for the health of children and grownups."

To the Gaelic homepage