This reading is a condensed story about the woman Eithne (Enya).
Ba í Eithne iníon Roic, Maor Aonghasa Óig, dia an ghrá. Rugadh í nuair a thug Manannán Mac Lir, dia na mara, a iníon d'Aonghas Óg dá haltramú. (1) Bhí Eithne ina banseirbhíseach d'iníon Mhanannaín Mhic Lir, agus ainnir álainn chaoin a bhí inti. (2) Aon lá amháin fuarthas amach (3) nár chaith sí bia ná deoch. Ar scrúdú dó, (4) fuar Aonghas Óg amach gur thug taoiseach na Tuath Dé Danann iarracht Eithne a fhuadach agus é ag fanacht i mBrugh na Bóinne. Is é seo a spreag anam íon agus nádúr morálta inti. Ón am sin amach bhí sí ina hanam íon, (5) cé gur thug Aonghas Óg agus Manannán Mac Lir aistear mara agus tháinig ar ais le dhá cheann de bha dríochtúla nach ndeachaigh a mbainne i ndísc. (6) Uaidh sin amach bhí Eithne beo ar a mbainne.
Aon lá amháin chuaigh Eithne in éineacht le hioníon Manannáin Mic Lir chun folcadh sa Bhóinne. Scaradh Eithne uaithi agus fuair amach gur chaill sí a caille dhofheictheachta a chuireadh (7) na Tuatha Dé Danann i bhfolach ar dhaoine básmhara agus cheadaíodh dóibh a dhul chun saoil na neamhbhásmhaireachta freisin. Cé gur thóraigh sí i bhfad, níorbh fhéidir léi a bealach a dhéanamh go dtí Brugh na Bóinne ar ais. Le linn di a bheith ag fánaíocht, (8) casadh uirthi Naomh Pádraig. Bhaist sé í agus d'iompaigh sí ina Críostaí cráifeach.
Aon lá amháin bhí Eithne ag guí i gcill bheag le taobh na Bóinne nuair a chuala sí fuaim shíosarnaí san aer agus glórtha do-áirithe mar a bheadh siad i bhfad ó láthair, a chaoin agus ghlaoigh uirthi ina hainm. Ba iad a muintir iad, na Tuatha Dé Danann, á tóraíocht (9) in aisce. Thug sí iarracht a fhreagairt, ach bhí sí á traochadh (10) agus thit i laige. Nuair a tháinig sí chuici féin (11), cloíodh í le tinneas marfach. Thug Naomh Pádraig deas-ghnátha deireanacha di agus fuair sí bás lena ceann ar brollach Naomh Páidraig.(12) D'oirnigh Pádraig gur thugadh a hainm ar an chill, (13) Cill Eithne.
(1) dá haltramú - literally "for her fostering" i.e. to be fostered
(2) ainnir álainn chaoin a bhí inti. "She was (or became a beautiful and gentle maiden"
(3) fuarthas amach. "It was found out."
(4) Ar scrúdú dó - literally "after inquiring to him" i.e. "after he had made inquirery."
(5) bhí sí ina hanam íon - "she was (became) a pure spirit."
(6) literally "which their milk did not go in dryness" i.e. "whose mile did not run dry."
(7) "chuireadh" and "ceadaíoch" are both past habitual--translate: "which would hide the Tuatha Dé Danann and would allow them . . ."
(8) literally "in the course to her to be at wandering" i.e. "while she was wandering."
(9) literally "to her seeking" i.e. seeking her.
(10) literally "she was to her overcoming" i.e. "she was overcome"
(11) literally "when she came to herself" i.e. "when she regained consciousness."
(12) Although Naomh Pádraig is genitive in function here, it is nominative in form. This is the rule for pairs of nouns like this.
(13) literally "that her name be placed on the church" i.e. "that the church be named after her."