[Top]
Bunléitheoireacht Ghalach 24 le Mícheál Rhodes
Comhairleoirí ag Crochadh Sráidainm Gaeilge
Lá, 25 Lúnasa 1994
Dé Luain na seachtaine seo, dhiúltaigh Coiste Roinn
Sláinte an Imshaoil ar Chomhairle Bhéal Feirste glacadh
le moltaí ó rialtas na Breataine i dtaobh reachtaíocht
úr, an Draft Order Local Government (Miscellaneous
Provisions) (Northern Ireland) Order.
De réir an Acta Úir, beidh cead ag daoine sráidainm
Gaeilge a chrochadh a fhad is go bhfaigheann siad cead ón
chomhairle logánta.
Creideann Sinn Féin nach bhfuil an reachtaíocht úr
laidir go leor mar beidh Comhairle Chathrach Bhéal Feirste
ábalta sráidainmneacha Gaeilge a chosc.
Arsa an Comhairleoir Máirtín Ó Muilleoir: "Is cuma
leis an rialtas faoi ghearáin na nAontachtaithe ar an
cheist seo mar tá beartaithe acu deireadh a chur leis an
Acht a thugh Brian Faulkner isteach i 1949 le sráidainmneacha
Gaeilge a chosc. Ach ní shásoidh an reachtaíocht
Náisiúnaithe Bhéal Feirste mar tá víotó ar fad ag
Aontachtaithe ar an Chomhairle. Ciallaíonn sé go mbeidh
cosc ar shráidainmneacha Gaeilge i mBéal Feirste i dtólamh.
Má tá an Rialtas ag iarraidh go mbeadh an ceart ag
Náisiúaithe na Sé Chontae sráidainmneacha Gaeilge a
chrochadh, beidh orthu an cead crosta seo a bhaint de na
hAontachtaithe."
Madin D/e Máirt seo chugainn ag 11.00 i.n. ar Bhóthar
Bhaile Andarsan, crochfaidh cúigear comhairleoir de chuid
Shinn Féin sráidainm nua Gaeilge agus tabharfaidh siad
dúshlán Chomhairle na Cathrach an dlí a chur orthu.
Foclóirín (Vocabulary)
Comhairleoir (m) advisor, counciler
crochadh (vn) to hang, erect
sráidainm (m) street name
diúltaigh - to deny, refuse
Coiste (m) committee
Roinn Sláinte an Imshaoil - Department of Environmental Health
comhairle (f) council
glacadh (vn) to take, undertake, accept
moladh (m., pl. moltaí) recommendation, proposal
rialtas (m) government
i dtaobh - about, concerning
reachtaíocht (f) legislation
úr (a) fresh; new
cead (m) permission
a fhad is go - as long as
logánta (a) local
mar - like, as, for
cathair (f., gen. cathrach) city
Béal Feirste - Belfast
ábalta (a) able
cosc (vn. of coisc) to prevent, prohibit
arsa - said
is cuma liom - it is all the same to me, I don't care
gearán (m) complaint; accusation
Aontachtaí (m., pl. -aithe) Unionist
beartaí (m., pl. -aithe) schemer, contriver
deireadh a chur le - to end something
acht (m) act, decree
thug sé isteach - he introduced
sásoidh (fut. of sásaigh - to satisfy, please)
Náisiúnaí (m., pl. -aithe ) Nationalist
víot/o (m) veto
ciallaig - to mean, signify
cosc (m) prevention, prohibition
i dtólamh - always
má - if
iarraidh (vn) to ask
crosta (a) difficult, troublesome
beidh orthu - they will be under the obligation
baint de - to take away from
i.n. = iarnóin - p.m.
cúigear - five (used with people)
de chuid Shinn Féin - of part of the Sinn Fein
dúshlán (m) challenge, defiance -
dúshlán duine a thabhairt - to challenge someone
dlí a chur ar duine - to subject a person to the law
To the Gaelic homepage