Bunléitheoireacht Ghalach le Mícheál Rhodes

Bunléitheoireacht Ghalach a Ceithre le Mícheál Rhodes

Páistí na Rómáine

Tá tugtha le fios ag Coiste na bPáistí Rómánacha nach fíor do scéalta (1) gur chuir roinnt lánúineacha Éireannacha a d uchtaigh dílleachtaithe Rómánacha na páistí sin i ndílleachtlanna anseo nuair a fuair siad amach go raibh galar inchinne orthu.

Dúirt urlabhraí leis an choiste go bhfuil 400 dílleachtaí Rómánacha sa tír seo agus nach raibh oiread is tuismitheoir amháin (2) i dteagmháil leo (3) faoi pháiste a bhfuil galar inchinne air.

Agus arsa an tAire Sláinte, Brendan Howlin, "Is mian liom a rá go bhfuil an scéal fiosraithe agam agus thiocfadh liom dearbhú nach bhfuil aon pháiste ón Rómáin faoi chúram na seirbhísí sláinte sa tír seo.

"Níl bunús ar bith leis na ráflaí seo agus nó cruinneas slíoctha faoin scéal a cuireadh síos dom (4) i roinnt nuachtán." [Lá, 10 Feabhra 1994, leathanach 3.]

Notaí Gramadúla

(1) "that there is no truth to the stories"

(2) "that there was not even one parent"

(3) literally "in encountering with them" i.e "that they had encountered."

(4) "which has been put down to me" i.e. "attributed to me"

Foclóirín (Vocabulary)

tabhairt le fios go - to let it be known that
coiste (m) committee
lánúin (f., pl. lánúineacha) married couple
uchtaigh - to adopt
dílleachta (m., pl -ithe) orphan
dílleachtlann (f., pl. -a) orphanage
galar (m) sickness, disease
inchinn (f) brain
urlabhraí (m) spokesman
tuismitheoir (m) parent
teagmháil (f) encounter, contact
an tAire Sláinte - the Minister of Health
is mian liom a rá - I wish to say
fiosraigh - to inquire
dearbhú (m) affirmation, assurance
cúram (m) care
bunús (m) origin, basis
ráfla (m., pl. -í) rumor, report
cruinneas (m) accuracy
slíoctha (a) plausible

To the Gaelic homepage