Here is another short piece from the science magazine An tEolaí .
Déanann seilidí luach na milliún punt de dhamáiste gach bliain do ghlasraí agus do bharra i ngáirdíiní agus ar fheirmeacha. Go dtí seo is é an gnáthmhodh chun seilidí a mhilleadh ná piollairí seilide a scaipeadh ar an talamh mar a mbíonn siad.(1) Ach bíonn na piollairí seo nimhneach do chréatúir eile agus fiú do pheataí baile.
Tá taighdeoirí i Shasana tar éis réiteach nua glas a fháil ar fhadhb na seilidí (2) --péist mhicreascópach. Seadán a mhaireann ar dhrom an tseilide is ea an phéist chruinn seo agus maireann sí ar bhaictéir a insteallann sí i gcorp an tseilde. Faigheann an seilide sin bás taobh istigh de dheich lá.
Soláthrófar na péisteanna seo i gcré agus ní bheidh le déanamh ach an chré seo a mheascadh le huisce (3) agus an meascán a scaipeadh ar gháirdín nó ar pháirc.
(1) Note that mar with the direct relative ("a" with lenition) means "as" whereas mar with the indirect relative ("a" with eclipse in present, "ar" with lenition in past) means "where." Thus this should be translated, "an the ground where they are wont to be." (habitual present of tá)
(2) "Researchers in England have found a fresh new solution to the problem of the slugs."
(3) literally "and there will not be (anything) to do but to mix the dirt with water" i.e. "and the only thing that needs to be done is to mix the dirt with water."