hunléitheoireacht Ghalach le Mícheál Rhodes

Bunléitheoireacht Ghalach a Cóig le Mícheál Rhodes

Here is the Elementary IG Reading # 5. This is an old folk story taken from Douglas Hyde's book "Le hAis na Teineadh" - Beside the Fire. I have standardized the spelling somewhat, but have left the old pre-1948 spellings. Most of the older literature is written with this older spelling and it is good to get used to it. I have put a vocabulary at the end of this piece that gives the modern spelling equivalents of the earlier spellings in the text.

Adhlacadh Liaim Uí Ruanaigh

Insan aimsir anallód bhí fear ann dar ab ainm Liam Ó Ruanaigh, ina chómhnaidhe i ngar do Chlár-Gaillimh. Bhí sé ina fheirmeoir. Aon lá amháin tháinig an tighearna-talmhan chuige agus dubhairt, "Tá cíos trí bliadhain agam ort, agus muna mbéidh sé agat dom faoi cheann seachtmhaine caithfidh (1) mé amach ar thaoibh an bhóthair thú."

"Táim le dul go Gallimh amárach le h-ualach cruithneachta do dhíol, agus nuair a gheobhas mé a luach íocfaidh mé thú," ar Liam.

Ar maidin, lá ar na mhárach, chuir sé ualach cruithneachta ar an gcairt agus bhí sé ag dul go Gaillimh leis. Nuair bhí sé timcheall míle go leith imthighthe ón teach, tháinig duine uasal chuige agus d'fhiafruigh sé dé "An cruithneacht atá agat ar an gcairt?"

"Seadh," ar Liam, "Tá mé dul 'gá dhíol le mo chíos d'íoc."

"Cia mhéad atá ann?" arsa an duine uasal.

"Tá tonna cneasta ann," ar Liam.

"Ceannóchaidh mé uait é," arsa an duine uasal, "agus bhéarfaidh mé an luach is mó sa margadh dhuit. Nuair a rachfas tú chomh fad leis an mbóthairín cartach atá ar do láimh chlé, cas isteach agus bhí ag imtheacht go dtagaidh tú go teach mór atá i ngleann, agus béidh mise ansin rómhat le d'airgead do thabhairt duit."

Nuair tháinig Liam chomh fada leis an mbóthairín chas sé isteach, agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig sé chomh fada le teach mór. Bhí iongantas ar Liam nuair chonnairc sé an teach mór, mar rugadh agus tógadh insan gcómharsanacht é, agus ní fhacaidh sé an teach mór ariamh roimhe, cídh go raibh eolas aige ar uile theach i bhfoighseacht cúig mhíle dhó.

Nuair tháinig Liam i ngar do scioból a bhí in aice leis an teach mór tháinig buachaill beag amach agus dubhairt, "Céad míle fáilte rómhat a Liaim Uí Ruanaigh," chuir sac ar a dhruim agus thug isteach é. Tháinig buachaill beag eile amach, chuir fáilte roimh Liam, chuir sac ar a dhruim agus d'imthigh isteach leis. Bhí buachaillidhe ag teacht, ag cur fáilte roimh Liam, agus ag tabhairt sac leo, go raibh an tonna cruithneachta imthighthe. Ansin tháinig iomlán na mbuachaill i láthair agus dubhairt Liam leo: "Tá eolas agaibh uile ormsa agus níl eolas agamsa oraibhse." Ansin dubhradar leis, "Téidh isteach, agus ith do dhínnéar, tá an máighistir ag fanamhaint leat."

Chuaidh Liam isteach agus shuidh sé síos ag an mbord. Níor ith sé an dara greim go dtáinig trom-chodladh air, agus thit sé faoi an mbord. Ansin rinne an draoidheadóir fear-bréige cosmhail le Liam, agus chuir abhaile chum mná Liaim é, leis an gcapall, agus leis an gcairt. Nuair tháinig sé go teach Liaim chuaidh sé suas insan tseomra, luidh ar leabaidh, agus fuair bás.

Níor bhfada go ndeacaidh an gháir amach go raibh Liam Ó Ruanaigh marbh. Chuir an bhean uisce síos agus nuair bhí sé teith nigh sí an corp agus chuir os cionn cláir é. Tháinig na cómharsanna agus chaoineadar go brónach os cionn an chuirp, agus bhí truagh mhór ann don mhnaoi bhoicht acht ní raibh mórán bróin uirthi féin, mar bhí Liam aosta agus í féin óg. An lá ar na mhárach cuireadh an corp agus ní raibh aon chuimhne níos mó air Liam.

Bhí buachaill aimsire ag mnaoi Liaim agus dubhairt sí leis, "Budh chóir duit mé do phósadh, agus áit Liaim ghlacadh."

"Tá sé ró-luath fós, i ndiaidh bás do bheith insan teach," arsa an buachaill, "Fan go mbéidh Liam curtha seachtmhain."

Nuair bhí Liam seacht lá agus seacht n-oidhche ina chodladh tháinig buachaill beag agus dhúisigh é. Ansin dubhairt sé leis, "Táir seachtmhain do chodladh. Chuireamar do chapall agus do chairt abhaile. Seo dhuit do chuid airgid, agus imthigh."

Tháinig Liam abhaile, agus mar bhí sé mall san oidhche ní fhacaidh aon duine é. Ar maidin an lá sin chuaidh bean Liaim agus an buachaill aimsire chum an tsagairt agus d'iarr siad air iad do phósadh.

"Bhfuil an t-airgead-pósta agaibh?" arsa an sagart.

"Níl," arsa an bhean, "acht tá storc muice agam sa mbaile, agus tig leat í do bheith agat in áit airgid.

Pós an sagart iad, agus dubhairt, "cuirfead fios ar an muic amárach."

Nuair tháinig Liam go dtí a dhoras féin, bhuail sé buille air. Bhí an bhean agus an buachaill aimsire ag dul chum a leabaidh, agus d'fhiafruigh siad, "Cia tá ansin?"

"Mise," ar Liam, "foscail an doras dom."

Nuair chualadar an guth bhí fhios acu gur b'é Liam do bhí ann, agus dubhairt a bhean, "ní thig liom do leigean isteach, agus is mór an náire dhuit do bheith teacht ar ais i ndiaidh thú bheith seacht lá san uaigh."

"An ar mire atá tú?" ar Liam.

"Nílim ar mire," arsa an bhean, "Tá fhios ag an uile dhuine sa bparáiste go bhfuair tú bás agus gur chuir mé go geanamhail thú. Téidh ar ais go d'uaigh, agus béidh aifreann léighte agam ar son d'anma bhoicht amárach."

"Fan go dtagaidh solas an lae," ar Liam, "agus bhéarfaidh mé luach do mhagaidh dhuit."

Ansin chuaidh sé san stábla, in áit a raibh a chapall agus a mhuc, shín sé insan tuighe, agus thit sé ina chodladh.

Ar maidin, lá ar na mhárach, dubhairt an sagart le buachaill beag a bhí aige, "Téidh go teach Liaim Uí Ruanaigh agus bhéarfaidh an bhean a phós mé i ndé muc duit le tabhairt abhaile leat."

Tháinig an bhuachaill go doras an tighe agus thosuigh 'gá bhualadh le maide a bhí aige. Bhí faitchios air an mnaoi an doras d'fhoscailt, acht d'fhiafruigh sí, "Cia tá ansin?"

"Mise," arsa an buachaill, "Chuir an sagart mé le muc d'fhágháil uait."

"Tá sí amuigh san stábla," arsa an bhean.

Chuaidh an bhachaill isteach san stábla agus thosuigh ag tiomáint na muice amach, nuair d'éirigh Liam agus dubhairt, "Cá bhfuil tú ag dul le mo mhuic?"

Nuair chonnairc an bhuachaill Liam, as go bráth leis, agus níor stop go ndeacaidh sé chum an tsagairt agus a chroidhe ag teacht amach ar a bhéal le faitchios.

"Cad tá ort?" arsa an sagart.

D'innis an buachaill dó go raibh Liam Ó Ruanaigh insan stábla, agus nach leighfeadh sé dhó an mhuc do thabhairt leis.

"Bhí do thost, a bhréagadóir," arsa an sagart, "Tá Liam Ó Ruanaigh marbh agus insan uaigh le seachtmhain."

"Dá mbeidheadh sé marbh seacht mbliadhna connairc mise insan stábla é dhá mhóimint ó shin, agus muna gcreideann tú, tar, thú féin, agus feicfidh tú é."

Ansin tháinig an sagart agus an bhuachaill le chéile go doras an stábla, agus dubhairt an sagart, "Téidh isteach agus chuir an mhuc sin amach chugam."

"Ní rachfainn isteach ar son a méid is fiú thú," arsa an buachaill.

Chuaidh an sagart isteach ansin agus bhí sé ag tiomáint na muice amach, nuair d'éirigh Liam suas as an tuighe agus dubhairt, "Cá bhfuil tú ag dul le mo mhuic, a athair Phádraig?"

Nuair a chonnairc an sagart Liam ag éirighe, as go bráth leis, ag rádh: "In ainm Dé orduighim ar ais go dtí an uaigh thú a Uilliaim Uí Ruanaigh."

Thosuigh Liam ag rith i ndiaidh an tsagairt, agus ag rádh "A athair Phádraig, bhfuil tí ar mire? Fan agus labhair liom."

Níor fhan an sagart acht chuaidh abhaile chomh luath agus d'fhéad a chosa a iomchar, agus nuair tháinig sé isteach dhún sé an doras. Bhí Liam ag bualadh an dorais go raibh sé sáruighthe, acht ní leigfeadh an sagart isteach é. Faoi dheireadh chuir sé a cheann amach ar fhuinneoig a bhí ar bharr an tighe agus dubhairt, "A Uilliam Uí Ruanaigh téidh ar ais chum d'uaighe."

"Tá tú ar mire a athair Phádraig, níl mé marbh, agus ní raibh mé in aon uaigh ariamh ó d'fhág mé bronn mo mháthar," ar Liam.

"Chonnairc mise marbh thú," arsa an sagart, "Fuair tú bás go tobann agus bhí mé i láthair nuair cuireadh thú san uaigh, agus rinne mé seanmóir bhreágh os do chionn."

"Diabhal uaim, go bhfuil tú ar mire chomh cinnte agus atá mise beo," ar Liam.

"Imthigh as m'amharc anois agus léighfidh mé aifreann duit amárach," arsa an sagart.

Cuaidh Liam abhaile agus bhuail sé a dhoras féin acht ní leigfeadh an bhean isteach é. Ansin dubhairt sé leis féin, "rachfad agus íocfad mo chíos." Uile dhuine a chonnairc Liam ar a bhealach go teach an tighearna bhí siad ag rith uaidh, mar shaoileadar go bhfuair sé bás. Nuair chualaidh an tighearna talmhan go raibh Liam Ó Ruanaigh ag teacht, dhún sé na doirse, agus ní leigfeadh sé isteach é. Thosuigh Liam ag bualadh an dorais mhóir gur shaoil an tighearna go mbrisfeadh sé isteach é. Tháinig an tighearna go fuinneoig a bhí ar bharr an tighe, agus d'fhiafruigh, "Cad tá tú ag iarraidh?"

"Tháinig mé le mo chíos íoc, mar fhear cneasta," ar Liam.

"Téidh ar ais go dtí d'uaigh, agus bhéarfaidh mé maitheamhnas duit," arsa an Tighearna.

"Ní fhágfaidh mé seo, go bhfáigheadh mé scríbhinn uait go bhuil mé íoctha suas glan, go dtí an Bhealtaine seo chugainn."

Thug an Tighearna an scríbhinn dó, agus tháinig sé abhaile. Bhuail sé an doras, acht ní leigfeadh an bhean isteach é, ag rádh leis go raibh Liam Ó Ruanaigh marbh agus curtha, agus nac raibh insan bhfear ag an doras acht fealltóir.

"Ní fealltóir mé, ar Liam, "Tá mé i ndiaidh cíos trí bhliadhain d'íoc le mo mháighistir, agus béidh seilbh mo thighe féin agam, nó béidh fhios agam ca fáth."

Chuaidh sé chum an sciobóil, agus fuair sé barra mór iarainn agus níor bhfada gur bhris sé isteach an doras. Bhí faithchios mór ar an mnaoi agus ar an bhfear nua-phósta. Shaoileadar go rabhadar in am an eiséirighe, agus go raibh deireadh an domhain ag teacht.

"Cad chuige ar shaoil tú go raibh mise marbh?" ar Liam.

"Nach bhfuil fhios ag uile dhuine insan bparáiste go bhfuil tú marbh," arsa an bhean.

"Do chorp ón diabhal," ar Liam, "Tá tú ag magadh fada go leor liom. Fáigh dhom nidh le n-ithe.

Bhí eagla mhór ar an mnaoi bhoicht agus ghléar sí biadh dhó, agus nuair chonnairc sí é ag ithe agus ag ól dubhairt sí, "Tá míorbhúil ann."

Ansin d'innis Liam a scéal dí, ó bhonn go barr, agus nuair d'innis sé gach nidh, dubhairt sé, "Rachfad chum na n-uaighe amárach go bhfeicfead an bitheamhnach do chuir sibhse i m'áitse."

Lá ar na mhárach thug Liam dream daoine leis, agus chuaidh sé chum na reilige, agus d'fhoscail siad an uaigh, agus bhíodar ag dul an chófra d'fhoscailt, agus nuair a bhí siad 'gá tógáil suas, léim madadh mór dubh amach, agus as go bráth leis, agus Liam agus na fir eile ina dhiadh. Bhíodar 'gá leanamhaint go bhfacadar é ag dul isteach insan teach a raibh Liam ina chodladh ann. Ansin d'fhoscail an talamh agus chuaidh an teach síos, agus ní fhacaidh aon duine é ó shin, acht tá an poll mór le feicsint go dtí an lá so.

Nuair d'imthigh Liam agus na fir óga abhaile d'innis siad gach nidh do shagart na paráiste, agus scaoil sé an pósadh a bhí idir bean Liaim agus an buachaill aimsire.

Do mhair Liam bliadhanta ina dhiaidh seo, agus d'fhág sé saidhbhreas mór ina dhiaidh, agus tá cuimhne air i gClár-Gaillimh fós, agus béidh go deo, má théidheann an scéal so ó na seandaoinibh chum na ndaoine óga.

Nótaichean agus Faclair

The plural ending of nouns, -í, is spelled -idhe.

(1) caithfidh here does not mean "must" but "throw"

The preposition "a" that is commonly used with the verbal noun is spelled "do", e.g. Ba mhaith liom cruithneachta do dhíol. I want to sell wheat. Modern spelling "a dhíol."

beidheadh = beadh - would be

bhíodar = bhí siad - they were

biadh = bia - food

bitheamhnach = bithiúnach - scoundral

bliadhain = bliain - year

bliadhanta = blianta - years

bliadhna = bliana - years

breágh = breá - fine

budh = ba (past tense of copula)

cartach - genitive singular of cairt - cart

chonnairc = chonaic - saw

chuaidh = chuaigh - went

chualaidh = chuala - heard

chum = chun - to, towards

cia = cé (who, what)

cídh go = cé go - although

cómhnaidhe = cónaí - to live (verbal noun)

cosmhail = cosúil - like

croidhe = croí - heart

dar ab = darb (do + ba) - to whom was (copula)

deacaidh = deachaigh (dependent past third person singular) - went

do = a (direct relative pronoun) - who, which

do = a (preposition before verbal nouns) - to

draoidheadóir = draídóir - enchanter, wizard

dubhairt = dúirt - said

éirighe = éirí (verbal noun of éirigh) - to rise

eiséirighe = aiséirí - resurrection

facadar = faca siad - they saw

faitchios = faitíos - fear

fanamhaint = fanúint - to wait (verbal noun)

feicfead = feicfaidh mé - I will see

feicsint = feiceáil (verbal noun of feic) to see

fhacaidh = fhaca (dependent past third person singular of feic) - saw

fhágháil = fáil - to get, find (verbal noun)

foighseacht = foiseacht - nearness, proximity

foscail = oscail - to open (verbal noun)

'gá = ag a (the preposition ag + a (possessive pronoun)

geanamhail = geanúil - loving, lovable; seemly

i ndé = inné - yesterday

imtheacht = imeacht - to go away (verbal noun)

imthigh = imigh - went away

innis = inis - to tell (verbal noun)

iomchar = iompar (verbal noun of iompair - to carry)

iongantas = iontas - wonder, surprise

leabaidh = dative singular of leaba - bed

leanamhaint = leanúint (verbal noun of lean - to follow)

léighfidh = léifidh (future third person singular of léigh) - will read

léighte = léite (past participle of léigh) - read

luidh = luigh - lay

madadh = madra - dog

máighistir = máistir - master

maitheamhnas = maithiúnas - forgiveness, pardon

míorbhúil = míorúilt - miracle

mnaoi = dative singular of bean - woman

nidh = ní - thing

oidhche = oíche - night

orduighim = ordaím (present first person sing. of ordaigh - I order, command

rabhadar = raibh siad - they were

rachfad = rachaidh mé - I will go

rachfas - future relative form of téigh) - who will go

rádh = rá (verbal noun of abair) - to say

saidhbhreas = saibhreas - riches

sáruighthe = sáraithe (past participle of sáraigh) - exhausted

seachtmhain = seachtain - week

seadh = 'sea (is ea) - it is (copula)

seandaoinibh - the -ibh is the old ending of the dative plural

shaoil = shíl - thought

shaoileadar = shíl siad - they thought

shuidh = shuigh - sat

so = seo - this

storc - a large animal

tagaidh = taga (present subjunctive third person singular) - come

táir = tá tú - you are

talmhan = talún (gen. of talamh) - of land

téidh = téigh - go!

teith = te - warm

théidheann = téann - goes

tig = tagann - gives

tighe = tí (genitive singular of teach - house)

tighearna = tiarna - lord

timcheall = timpeall - around

tonna = tona - ton (weight)

truagh = trua - sorrow

tuighe = tuí - straw

The Burial of William O'Rooney

In the old times there was a man by the name of William O'Rooney living near Clair-Galway. He was a farmer. One day the landlord came to him and said, "You owe me rent (1) for three years, and if you still owe it to me at the end of a week, I will throw you out on the side of the street."

"I'm going to Galway tomorrow with a load of wheat to sell, and when I get its worth, I will pay you," said William.

In the morning the next day, he put a load of wheat on the cart and he was going to Galway with it. When he was about a mile and a half from the house, a gentleman came to him and asked him,"Do you have wheat on the cart?"

"Yes," said William, "I'm going to sell it (2) to pay my rent."

"How much for it?" said the gentleman.

"There's an honest ton there," said William.

"I'll buy it from you," said the gentleman, "and I'll give you more than it's worth in the market. When you come as far as the little cart path which is on your left, turn in and go until you come to a large house which is in a valley, and I will then meet you (3) to give you your money."

When William came as far as the path, he turned in, and he was going until he came as far as a large house. William was astonished when he saw the large house, for he was born and raised (4) in the neighborhood, and he had never seen the large house before, although he knew every house within five miles of him.

When William came neart the barn which was next to the large house, a small boy came out and said, "A hundred thousand welcomes to you, William O' Rooney," put a sac on his back and took it inside. Another small boy came out, greeted William, put a sack on his back and went inside with it. There were boys coming, greeting William, and taking a sack with them, until the ton of wheat was gone. Then more boys came before him, and William said to them: "All of you know me, and I don't know any of you." Then they said to him, "Come in, and eat your dinner, the master is waiting for you."

William went in and he sat down at the table. He had not eaten the second bite until a heavy sleep came upon him, and he fell down on the table. Then the wizard made a false man (that looked) like William, and sent it home to William's wife, with the horse, and with the cart. When he came to Williams's house, he went up into the (bed)room, lay upon the bed, and died.

It was not long until the report went out that William O'Rooney was dead. The wife put water down (on the fire) and when it was hot, she washed the body and put it over the board (i.e. layed it out). The neighbors came and keened sadly over the body, and there was great sorrow for the poor wife, but she was not so sorrowful herself, because William was old and she herself young. The next day, they buried the body and there was no more remembrance of William.

William's wife had a hired man and she said to him, "You should marry me and take (5) William's place."

"It's too soon still, after there has been a death in the house," said the hired man, "wait until William has been buried for a week."

When William had been asleep for seven days and seven nights a small boy came and woke him. Then he said to him, "You've (6) been sleeping for a week. We sent your horse and your cart home. Here's your money, now go."

William came home, and since it was late in the night, no one saw him. In the morning of that day William's wife and the hired man had gone to the priest and asked him to marry them.

"Do you have the marriage money? (7) said the priest.

"No," said the woman, "but I have a whopper of a pig at home and I'll let you have it in place of money."

The priest married them, and said, "I will send for (8) the pig tomorrow."

When William came to his own door, he knocked on it. (9) The woman and the hired man had gone to bed, and they asked, "Who's there?"

"It's me," said William. "Open the door for me."

When they heard the voice, they knew that it was William who was there, and his wife said, "I can't (10) let you in, and it's a great shame for you to be coming back after you've been in the grave seven days."

"Are you crazy?" said William.

"No, I'm not crazy," said the woman, "Everyone in the parish knows that you died and that I buried you in a seemly manner." Go back to your grave, and I will have mass said for your poor soul tomorrow."

"Wait until the light of day comes," said William, "and I'll give you your a reward for your joking!"

Then he went int the stable, where his horse and pig were, lay downe in the straw, and fell asleep.

In the morning on the next day,the priest said to the small boy he had, "Go to William O'Rooney's house and the woman I married yesterday will give you a pig to bring home with you."

The boy came to the door of the house and began to knock on it (11) with a stick which he had. The woman was afraid to open the door, but she asked, "Who's there?"

"It's me," said the boy, "The priest sent me to get a pig from you."

"It's out in the stable," said the woman.

The boy went into the stable and began to drive the pig out, when William rose up and said, "Where are you going with my pig?"

When the boy saw William, off he went, (12) and he didn't stop until he came to the priest with his heart coming out of his mouth with fear.

"What's the matter with you?" (13) said the priest.

The boy told him that William O'Rooney was in the stable, and would not let him take the pig with him.

"Keep quiet (14), you liar," said the priest, "William O'Rooney is dead and in the grave for a week.

"Even if he had been dead seven years, I saw him in the stable a couple of moments ago, and if you don't believe (it), go yourself, and you will see him.

Then the priest went and the boy with him to the door of the stable, and the priest said, "Go in and bring that pig out to me."

"I wouldn't go in for someone of greater worth than you," said the boy.

The priest went in then and he was driving the pig out, when William rose up from the straw and said, "Where are you going with my pig, Father Patrick?"

When the priest saw William rise, off he went, saying: "In the name of God I order you back to the grave William O'Rooney."

William began to run after the priest saying, "Father Patrick, are you crazy? Wait and speak to me."

The priest didn't wait, but went home as fast as his feet could carry him, and when he came in, he shut the door. William was beating on the door until he was exhausted, but the priest would not let him in. Finally, he stuck his head out of the window which was high up on the house and said, "William O'Rooney, go back to your grave."

"You're crazy, Father Patrick. I'm not dead, and I have never been in a grave since I left my mothers womb," (15) said William.

"I saw you dead," said the priest, "You died suddenly and I was nearby when you were put in the grave, and I gave (literally "made") a fine sermon over you."

"You certainly (16) are crazy as surely as I am alive," said William.

"Get out of my sight now and I will say mass for you tomorrow," said the priest.

William went home and knocked on his own door but the woman would not let him in. Then he said to himself, "I'll go and pay my rent." Everyone who saw William on the road going to the (land)lord's house ran from him, because they thought that he had died. When the landlord heard that William O'Rooney was comming, he shut the doors and would not let him in. William began to beat on the big doors until the (land)lord thought that he would break them in. The (land)lord came to a window which was high up on the house, and he asked, "What do you want?"

"I came to pay my rent, like an honest man," said William.

"Go back to your grave, and I will give you pardon (for the rent)," said the (land)lord.

"I won't leave this (place) until I get a written document from you that I am paid up in full, until next May."

The (land)lord gave him the written document, and he went home. He knocked on the door, but the woman would not let him in, saying to him that William O'Rooney was dead and buried, and that there was only a liar at the door."

"I'm not a liar," said William, "I'm have just paid three years' rent to my master, and I will have possession of my own house, or I will know why!"

He went to the barn, and he found a large bar of iron, and it was not long until he broke in the door. The womand and the newly married man were terribly afraid. They though that they were in the resurrection and that the end of the world was coming.

"Why did you think I was dead?" said William.

"Doesn't everyone in the parish know that your are dead?" said the woman.

"To hell with you!" said William, "You've been joking with me long enough. Get me something to eat."

The poor woman was very frightend and she prepared (17) food for him, and when she saw him eating and drinking, she said, "It's a miracle!"

Then William told her his story, from beginning to end, and when he had told everything, he said, "I will go to the grave tomorrow, so that I can see the scoundral which you buried in my place."

The next day William took some people with him, and he went to the graveyard, and they opened the grave, and they were going to open the coffin, and when they were lifting it up, a large, black dog leaped out, and away he went with William and the other men after him. They were following it until they saw it goining into the house which William had slept in. The the ground opened and the house went down, and no one has seen it since, but there is a large hole to see up to this day.

When William and the young men went home, they told everything to the parish priest, and he dissolved the marriage which had been between William's wife and the hired man.

William lived on for years after this, and he left a great fortune after him, and he is still remembered in Clair-Galway, and will be forever, if this story goes from the old men to the young men.

Notaí Gramadúla

(1) In Irish "you owe me something" is literally "something is with me (agam) on you (ort).

(2) Literally "I am going at its selling."

(3) Literally "I will then be before you."

(4) rugadh and tógadh are past autonomous forms. Note that the subject of the autonomous form is "é, í, and iad" in the third person.

(5) Note that the preposition dóa is missing before the verbal noun, but the lenation indicates its presence.

(6) táir = tá tú

(7) Bhfuil = an bhfuil. In colloquial speech, the interrogative particle "an" is often dropped but the eclipsis it causes is still present

(8) Literally "I will put knowledge on" an idiom in Irish which means to send for or summon.

(9) Literally "He struck a blow on it."

(10) "Ní thig liom" means "I can't", where "tig" is an old form for "tagann".

(11) Literally "began its knocking."

(12) "as go brách leis" is an idiom for "off he went" literally "off with him forever"

(13) Literally "What's on you?"

(14) This should be "bí" not "bhí", the imperative form.

(15) Should be "broinn" instead of "bronn" but that is what the text has.

(16) The idomatic use of "Diabhal" like this is quite common.

(17) This should be "gléas" not "gléar" -- I miscopied it (in the old Irish alphabet, r and s look a lot alike).

To the Gaelic homepage